Bunachar Bhéaloideas na Féinne

Bosca Sonraí Suíomh GréasáinBunachar Bhéaloideas na Féinne
URLhttps://fionnfolklore.org/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbailiúchán béaloidis, bunachar sonraí agus suíomh gréasáin Cuir in eagar ar Wikidata
Cur i seirbhís2023 Cuir in eagar ar Wikidata

X: fionnfolklore Cuir in eagar ar Wikidata
Heroes of the dawn (1914) le Violet Russell

Is bunachar sonraí é Bunachar Bhéaloideas na Féinne (BBF) nó an Fionn Folklore Database (fionnfolklore.org).[1][2] Seoladh an acmhainn sa bhliain 2023. Is le maoiniú ó Ollscoil Harvard agus ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach Rialtas na hÉireann a cuireadh an tionscadal seo ar an bhfód.[3] Tá an acmhainn faoi stiúir an Dr Natasha Sumner ó Roinn na dTeangacha agus na Litríochtaí Ceilteacha in Ollscoil Harvard.[4]

Feidhmiúlacht

  • Tá thart fá 3,500 scéal ar BBF agus tuilleadh scéalta á gcur air i gcónaí. Tá an Fhiannaíocht ar an mbailiúchán scéalaíochta is líonmhaire dá bhfuil ann sa traidisiún Gaelach.
  • Tá scéalta i gceithre theanga ann –Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, Gaeilge Mhanann, agus Béarla – agus iad bailithe ar dhá thaobh an Atlantaigh. Bailíodh na scéalta is faide ar shiúl in Seattle sna Stáit Aontaithe.
  • Tá léarscáil idirghníomhach acu agus is féidir ceantar ar bith a chuardach.
  • Tá gluais de théarmaí úsáideacha le fáil, agus cur síos ar na carachtair is suntasaí i saol na Féinne.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 "Fionn Folklore Database". fionnfolklore.org. Dáta rochtana: 2023-12-13.
  2. Dubhán Ó Longáin (2023-12-12). "Cois Tine le Fionn Mac Cumhaill" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-13.
  3. Éanna Ó Caollaí (2023). "Fionn Mac Cumhaill sa ré dhigiteach" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-12-12.
  4. Robert McMillen (2023-07-18). "Scéalta agus amhráin na Fiannaíochta anois le fáil in aon bhunachar amháin" (ga-IE). The Irish News. Dáta rochtana: 2023-12-13.