Tharla Buamáil Bhostúin ar an 15 Aibreán, 2013, Phléasc dhá bhuama de dhéantús baile, 12 soicindí agus 190m eatarthu, ag 2:49 p.m., i ngar den líne chríche. Maraíodh triúr agus gortaíodh 264 duine mar gheall ar an ionsaí.[1][2]
Sa bhliain 2015, bhí Dzhokhar Tsarnaev, fear 21 bliain d'aois, ciontaithe ag giúiré i mBostún i gcomhcheilg a bheith ar bun aige arm mórscriosta a úsáid. Bhí tríocha cúis atá curtha ina leith.[3]
Póilín de bhunadh na hÉireann - Joseph Reynolds[4] - an chéad duine a chonaic Tamerlan (maraíodh é níos déanaí) agus Dzhokar Tsarnaev agus iad ar a dteitheadh i Watertown in iarthuaisceart Bhostúin trí lá i ndiaidh na buamála.[5]
Breith d'aon ghuth a bhí ann. D'iarr an chosaint ar an mbreitheamh an triail a aistriú go cathair eile, ach diúltaíodh don iarratas.
Baineann an ciontú leis an ionsaí buamála ag maratón Bhostúin ar 15 Aibreán 2013.
Scannán
Rinneadh scannán de, "Patriots' Day".[6] Bhí ionadaithe Katherine Russell[7] (bean chéile an bhuamálaí a cailleadh) ag píopaireacht faoin éagóir a rinne an scannán uirthi agus bhí cairde ollscoile leis an mbuamálaí a mhair, agus ar cuireadh ina leith go ndearna siad fianaise a cheilt, in adharca an chórais dlí agus cirt.[8]