I nÉirinn réamh-Chríostaí agus na meánaois, feirmeoir saor ab ea Brughaidh (Sean-Ghaeilge Briugu) nó biathach. Sa mhéid sin, bhítí san áireamh leis na haithigh (úinéirí talún saor neamh-uasal) agus na haos dána.
De bharr a shaibhris agus fáilteachais, bhí aicme shóisialta ard ag an mbrughaidh, beagnach chomh hard le tiarna.[1] Sa chliarlathas trí-chéimeach na nGael – uaisle, saoirsigh agus daoir – sheasadh an brughaidh idir na huaisle agus na saorsigh. De réir na seantéacsanna dlí, bhí an teideal Briugu i réim sa bhrí seo go dtí an 16ú haois.[2]
Miotais agus Scéalta
I roinnt seanscéalta na nGael, léirítear an brughaidh mar fhear le saintréithe miotasacha. Go minic is é a bhruíon áit a tharlaíonn imeachtaí miotasacha nó gránna.
Foinsí
Tagairtí
- ↑ Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 991.
- ↑ Wolfgang Meid: Die Kelten, ll. 97 ff.
- ↑ !.. comhtheagmhas?
- ↑ Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 1015.