Rugadh agus tógadh Moore i mBéal Feirste, Tuaisceart na hÉireann duine de naonúr clainne. Chuaigh sé ar imirce chun Montreal, Ceanada sa bhliain 1948. Bhí sé ag obair leis an Montreal Gazette mar thuairisceoir agus thosaigh sé ag scríobh úrscéalta. Bronnadh saoránacht Ceanadach air, rud a choinnigh sé fiú amháin nuair a bhog sé go Nua-Eabhrac sa bhliain 1959. Bhog sé go California lena bhean nua sa bhliain 1967
Fuair Brian Moore bás ina bhaile i Malibu, California sa bhliain 1999.