Thug scuadrún beag de eitleáinGhearmánacha ruathar faoi dhuganna Bhéal Feirste agus maraíodh 13 duine. Thug criúnna na Luftwaffe tuairisc go raibh córas cosanta Bhéal Feirste “ ar chaighdeán íseal, gur beag atá ann de agus nach leor é”.[1]
15 Aibreán 1941
Thug 180 eitleán Gearmánach ruathar istoíche faoi Bhéal Feirste ar feadh cúig huaire go leith.
Maraíodh 900 duine - an líon is mó daoine a maraíodh in aon chathair seachas Londain in aon aer-ruathar amháin. Cuireadh seirbhís bia éigeandála ar fáil do 70,000 duine. Rinneadh damáiste do 35,000 teach agus scriosadh 11 eaglais, 2 ospidéal agus 2 scoil.