Is polaiteoir Gearmánach é Björn Höcke (rugadh 1 Aibreán 1972) agus ball de Alternative für Deutschland (AfD). In éineacht le Andreas Kalbitz, bhí Höcke ina cheannaire ar Der Flügel (Gaeilge: An Sciathán), faicsean de chuid an AfD, agus d'fhógair Oifig Chónaidhme Rialtas na Gearmáine um Chosaint an Bhunreachta gur antoiscigh den eite dheas iad. [1][2]
Luathshaol agus oideachas
Rugadh Björn Höcke i Lünen, Westfalen. Bhí a sheantuismitheoirí i measc na nGearmánach díbeartha ón bPrúis Thoir. Ghnóthaigh sé a Abitur ag an Rhein-Wied-Gymnasium, Neuwied, sa bhliain 1991.[3]
Iarmhúinteoir staire is ea Höcke, agus é ag múineadh i Scoil Rhenanus, scoil chuimsitheach in mBad Sooden-Allendorf.[4]
Gairm pholaitiúil
Bhí Höcke ina bhall gearr-ama den Junge Union .[5]
Mar dhuine de bhunaitheoirí AfD Thuringia, rinneadh é ina Bhall de Thüringer Landtag, an comhthionól stáit de chuid Thuringia sa Ghearmáin, le linn Thoghcháin Stáit Thuringian 2014 .[6] Is urlabhraí é Höcke de ghrúpa parlaiminte an AfD agus an Thuringia Landesverband ( Gaeilge: Cumann Réigiúnach ) dá pháirtí. [7] Deirtear go bhfuil sé mar chuid de "sciathán coimeádach náisiúnta" an AfD. [8] Tugtar Der Flügel ar a fhaicsean den AfD agus aithníonn 40 faoin gcéad de bhaill an pháirtí AfD go bhful baint acu leis. [9]
I mí Mheán Fómhair 2019, bhagair Höcke "iarmhairtí ollmhóra" d'iriseoir de chuid an ZDF ( Zweites Deutsches Fernsehen) a dhiúltaigh agallamh a atosú tar éis sraith ceisteanna deacra agus tar éis dó a fhiafraí de chomhaltaí eile an pháirtí cé acu a tógadh sleachta éagsúla óna leabhar nó as Mein Kampf . [10]
Le linn toghchán stáit Thuringian 2019, mhéadaigh an AfD faoi cheannaireacht Höcke a sciar vótaí faoi cheannaireacht Höcke a dhúbailt go 23%, ag sárú an fhreasúra, 'Die Christlich Demokratische Union' (CDU), atá anois sa dara háit.
I mí na Samhna 2021, cuireadh ar ceal díolúine parlaiminte Höcke i Thüringer Landtag. Cuireadh ina leith gur chuir sé deireadh le hóráid i mí na Bealtaine le frása a d’úsáid an SA (Die Sturmabteilung) a bhfuil a úsáid mídhleathach faoin reachtaíocht. Ba é an frása ná "Alles für Deutschland“.[11] I Meitheamh 2023 cúisíodh Höcke. [12][13][14][15]