Críoch thar lear de chuid na Breataine is ea Beirmiúda agus é lonnaithe san Atlantach Thuaidh. Tá sé suite thoir ó chósta na Stát Aontaithe. Is é Beirmiúda príomhchathair na críche.
Is é Beirmiúda an chríoch Bhriotanach is sine. Lonnaíodh Sasanaigh ann céad bhliain roimh Acht an Aontais agus bunú Ríocht na Breataine. Tá daoine ina gcónaí i mbaile St. George, céad phríomhchathair Bheirmiúda, ón bhliain 1612 anuas.
Tá flúirse ar gheilleagar Bheirimúda; tá rannán an airgeadais an-tábhachtach dó chomh maith leis an turasóireacht. Sa bhliain 2005 bhí an OTI is airde ar domhan ann. Tá aeráid fho-theochriosach ann.
Tagairtí