Bácús i mBaile Bhailcín, BÁC is ea Arán Brennans.[1] Ba é Joseph A. Brennan a bhunaigh an comhlacht Brennans Bread sa bhliain 1972. Úsáideadh a leasainm sna feachtais fógraíochta a bhí acu i gcaitheamh na mblianta, agus tugadh ‘Old Mr Brennan’ air.[2][3]
Bhí an chéad bhácús dá chuid suite i Lána Fumbally i lár Bhaile Átha Cliath, ach tá an comhlacht bunaithe i mBaile Bhailcín le fada anois. [4]
Fuair an tUasal Brennan bás sa bhaile i gCábán tSíle ar an 26 Bealtaine 2024.[5] Is comhlacht teaghlaigh é Brennans Bread agus roinnt páistí dá chuid luaite mar stiúrthóirí an chomhlachta.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.