In Éireann, déileálann an Ard-Chúirt (Béarla: The High Court) leis na cásanna sibhialta agus coiriúla is tromchúisí agus is tábhachtaí ag an gcéad chéim, agus gníomhaíonn sí freisin mar chúirt achomhairc i gcásanna sibhialta as an gCúirt Chuarda. Tá an chumhacht aici cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dlí bunreachtúil freisin, agus athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh ar gníomhartha an rialtais agus comhlachtaí poiblí eile.
Bunaíodh an Ard-Chúirt faoi Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann, agus deonaíonn an Bunreacht "lándlínse bhunaidh, agus cumhacht chun breith a thabhairt, i ngach ní agus ceist dlí nó fíorais cibé sibhialta nó coiriúil iad" chomh maith leis an gcumas chun a chinneadh " bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí áirithe ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta" Is é an tUachtarán an duine a cheapann na breithiúna.
Mar sin féin, mar a bhíonn ag beagnach gach cumhacht bhunreachtúil a bhíonn ag an Uachtarán, déantar na ceapacháin faoi réir "chomhairle an Rialtais". Go praiticiúil, ciallaíonn sé seo go n-ainmníonn an rialtas na breithiúna agus ceadaíonn an tUachtarán iad go huathoibríoch.
Tá uasmhéid de 40 gnáthbhreitheamh Ard-Chúirte, cé go mbíonn Uachtarán na Cúirte Cuarda, Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus an Príomh-Bhreitheamh ina gcomhaltaí ex officio den chúirt chomh maith. De ghnáth, éisteann breitheamh amháin cás amháin, ach is féidir le hUachtarán na hArd-Chúirte a ordú go n-éistfear cásanna áirithe le trí breitheamh ina suí le chéile - tugtar roinnchúirt uirthi mar dhea.
Tháinig an Breitheamh Richard Johnson i gcomharbacht ar an Breitheamh Onórach, an tUasal Joseph Finnegan mar Uachtarán na hArd-Chúirte i mí na Nollag 2006, agus tháinig an Breitheamh Onórach, an tUasal Nicholas Kearns i gcomharbacht uirthi i mí Dheireadh Fómhair 2009 [1]. Is é an tUasal Peter Kelly an tUachtarán ar an gCúirt faoi láthair. Ba í Mella Carroll an chéad bhean a sheirbheáil ar an gcúirt, sé sin idir 1980 agus 2005.
Breithiúna na hArd-Chúirte
An tOnórach an Breitheamh Peter Kelly,(Uachtarán na hArd-Chúirte)
An tOnórach an Breitheamh Michael Moriarty
An tOnórach an Breitheamh Paul Butler
An tOnórach an Breitheamh Michael Hanna
An tOnórach an Breitheamh Brian McGovern
An tOnórach an Breitheamh Patrick J. McCarthy
An tOnórach an Breitheamh Michael White
An tOnórach an Breitheamh Kevin Cross
An tOnórach an Breitheamh Paul McDermott
An tOnórach an Breitheamh Iseult O'Malley
An tOnórach an Breitheamh Anthony Barr
An tOnórach an Breitheamh David Keane
An tOnórach an Breitheamh Marie Baker
An tOnórach an Breitheamh Max Barrett
An tOnórach an Breitheamh Bronagh O'Hanlon
An tOnórach an Breitheamh Bernard Joseph Barton
An tOnórach an Breitheamh Deirdre Murphy
An tOnórach an Breitheamh Brian Cregan
An tOnórach an Breitheamh Caroline Costello
An tOnórach an Breitheamh Aileen Donnelly
An tOnórach an Breitheamh Seamus Noonan
An tOnórach an Breitheamh Mary Faherty
An tOnórach an Breitheamh Tony Hunt
An tOnórach an Breitheamh Carmel Stewart
An tOnórach an Breitheamh Donald Binchy
An tOnórach an Breitheamh Robert Eagar
An tOnórach an Breitheamh Robert Haughton
An tOnórach an Breitheamh Isobel Kennedy
An tOnórach an Breitheamh Mary Ellen Ring
An tOnórach an Breitheamh Tony O'Connor
An tOnórach an Breitheamh Richard Humphreys
An tOnórach an Breitheamh Michael Twomey
An tOnórach an Breitheamh Miriam O'Regan
An tOnórach an Breitheamh Paul Coffey
An tOnórach an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh
An tOnórach an Breitheamh Leonie Reynolds
An tOnórach an Breitheamh Eileen Creedon
An tOnórach an Breitheamh Charles Meenan
An tOnórach an Breitheamh David Barniville
An tOnórach an Breitheamh Michael MacGrath
folúntas x 1
Ex officio:
An Príomh-Bhreitheamh, an tOnórach an Breitheamh Frank Clarke
An tOnórach an Breitheamh Sean Ryan, Uachtarán na Cúirte Achomhairc
An tOnórach an Breitheamh Raymond Groarke, Uachtarán na Cúirte Cuarda