Anne Applebaum
Anne Applebaum (2013) | |
Breith | (en) Anne Elizabeth Applebaum 25 Iúil 1964 60 bliana d'aois Washington, D.C. |
---|
| | |
|
| |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | London School of Economics - caidreamh idirnáisiúnta Coláiste Pierson Coláiste Naomh Antaine, Oxford Ollscoil Yale (–1986) Sidwell Friends School (en) |
---|
Áit chónaithe | Washington, D.C. Vársá Londain |
---|
|
Réimse oibre | Iriseoir, iriseoireacht, iriseoireacht tuairimíochta, stair agus history of communism (en) |
---|
Gairm | staraí, scríbhneoir, colúnaí, iriseoir, scríbhneoir neamhfhicsin |
---|
Fostóir | The Atlantic (en) (2020–) The Economist, comhfhreagraí (1988–1991) London School of Economics, ollamh Paul H. Nitze School of Advanced International Studies (en) , senior fellow (en) Washington Post The Spectator, deputy editor-in-chief (en) |
---|
Ball de | |
---|
Teangacha | Béarla, an Pholainnis, an Rúisis agus an Fhraincis |
---|
|
Saothar suntasach | |
Céile | Radosław Sikorski (1992–) |
---|
|
| Suíomh gréasáin | anneapplebaum.com |
---|
|
Iriseoir, staraí agus colúnaí Meiriceánach is ea Anne Elizabeth Applebaum, a rugadh ar 25 Iúil 1964 in Washington, D.C. Is iad an cumannachas agus forbairt an tsaoil shibhialta in Oirthear na hEorpa agus san Aontas Sóivéadach agus sa Rúis na téamaí is coitianta a scrúdaíonn sí. Le cúpla bliain tá a haird dírithe ar staid an daonlathais i dtíortha an Iarthair freisin.
Beathaisnéis
is iad Harvey M. Applebaum agus Elizabeth Bloom a tuismitheoirí. D'fhás sí aníos i dteaghlach Giúdach leasaithe.[1] Rinne sí staidéar in Ollscoil Yale agus ansin fuair sí scoláireacht Marshall chun freastail ar London School of Economics agus in Coláiste San Antoin, Ollscoil Oxford.
Sa bhliain 1992, phós sí Radosław Sikorski, polaiteoir agus scríbhneoir a chaith tamall ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta sa Pholainn. Ghlac Applebaum saoránacht Pholannach dá bharr seo sa bhliain 2013.[2] Tá beirt pháistí acu.
Iriseoireacht
Thug Applebaum aghaidh ar an Vársá sa bhliain 1988 mar thuairisceoir ar son The Economist. Ansin, scríobh sí faoi athruithe socheolaíocha agus polaitiúla in Oirthear na hEorpa, roimh agus i ndiaidh thitim Bhalla Bheirlín. Sna 1990idí bhí cónaí uirthi i Londain agus i Vársá, agus í ag obair don Evening Standard. Is colúnaí agus ball de chomhairle eagarthóireachta an Washington Post anois í Applebaum. Tá Béarla, Fraincis, Polainnis agus Rúisis aici.
Leabharliosta
- Between East and West : across the borderlands of Europe. Pantheon Books (1994)
- Gulag: A History, Doubleday, 2003, 677 lgh., ISBN 0-7679-0056-1; páipéar, Bantam Dell, 2004, 736 lgh., ISBN 1-4000-3409-4
- Iron Curtain: The Crushing of Eastern Europe, 1944–1956, Allen Lane, 2012, 614 lgh., ISBN 978-0-713-99868-9 / Doubleday ISBN 978-0-385-51569-6
- Gulag Voices : An Anthology, Yale University Press, 2011, 224 lgh., ISBN 9780300177831
- From a Polish Country House Kitchen, Chronicle Books, 2012, 288 lgh., ISBN 1-452-11055-7
- Red Famine: Stalin's War on Ukraine, Penguin Randomhouse, 2017
Ailt shuntasacha
- (6 Samhain 2017). "100 years later, Bolshevism is back. And we should be worried". The Washington Post.
- (Deireadh Fómhair 2018). "A Warning From Europe: The Worst Is Yet to Come". The Atlantic.
Tagairtí
Naisc sheachtracha
|
|