Is é Andrus Ansip (1 Deireadh Fómhair 1956 a rugadh é) iar-phríomh-aire na hEastóine agus iarchathaoirleach Reformierakond (Gaeilge: Páirtí Athleasaithe). Rugadh in Tartu é agus bhain amach dioplóma sa gCeimic in Ollscoil Tartu sa bhliain 1979. Bhí post baincéireachta aige sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht. Toghadh Ansip mar mheára ar Tartu sa bhliain 1998. Níor éirigh sé as an bpost sin go dtí 2004. Mhair a phríomh-aireacht ó 2005 go 2014. Leas-Uachtarán um an Margadh Aonair Digiteach, eagraíocht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, go dtí 2019, bliain ar toghadh é ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |