Ailtire a rugadh i bPaduana hIodáile ab ea Andrea Palladio nó Andrea di Pietro della Gondola (30 Samhain1508 – 19 Lúnasa1580), an t-ailtire is ceannasaí i stair an iarthair. Oileadh ar dtús é mar shaor cloiche. Chaith sé roinnt blianta sa Róimh ag déanamh staidéir is ag líniú na seanfhothrach. Rinne sé a chéad tionscnamh ailtireachta i Vicenza nuair a d'atóg an seanhalla tionóil is margaidh ansin ina fhoirgneamh taibhseach poiblí a dtugtar an Bhaisleac air. Thóg sé tithe móra is paláis baile d'uaisle na cathrach sin, ina measc an Villa Rotonda, an Villa Foscari, an Villa Emo, is an Villa Poiana. Bhain sé úsáid as colúnáidí le colúin chlasaiceacha, áiléir oscailte, cruinneacháin, áirsí, peidiméidí is na hairíonna go léir a chonaic sé i bhfothraigh na Róimhe, ach cumtha go siméadrach maorga álainn. D'fhoilsigh sé I quattro libri dell'architettura (Ceithre Leabhar na hAiltireachta, 1570) le cur síos go cuimsitheach ar a stíl Phallaidiach, monagraf bunaidh na hailtireachta nua-aoisí. Tinfeadh d'ailtirí ó shin i leith.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.