Is tír in oirthear na hAfraice í an tSomáil (Somáilis: Jamhuuriyadda Federaalka Soomaaliya; Araibis: الصومال, As-Suumaal). An t-ainm oifigiúil atá uirthi ná Poblacht Chónaidhme na Somáile[1]. Tá sí suite ar Chorn na hAfraice agus cósta aici ar an Aigéan Indiach. Tá teorainneacha aici leis an Mhurascaill Áidin ó thuaidh, an Aetóip san iarthar, an Caol Guardafui agus Muir na Somáile san oirthear agus Djibouti agus an Chéinia san iardheisceart.
Is í Mogaidisiú an phríomhchathair agus an chathair is mó. Níl aon rialtas lárnach sa tír i ndáiríre, ná aon údarás oifigiúil mar a bhítear i náisiúin eile. Is Moslamaigh iad formhór na ndaoine agus is Sunnaíoch iad formhór dóibh.
Tagairtí
- ↑ ""somalia"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-30.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |