An Ghabúin |
---|
République gabonaise (fr) |
|
|
|
|
|
Aintiún | La Concorde |
---|
|
|
Mana | «Union, Travail, Justice» «Union, Work, Justice» «Единство, труд и справедливост» «Undeb, Gwaith, Cyfiawnder» «Enotnost, delo, pravica» |
---|
Ainmnithe in ómós | pea coat (en) |
---|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Príomhchathair | Libreville |
---|
|
Iomlán | 2,025,137 (2017) |
---|
• Dlús | 7.57 hab./km² |
---|
Déamainm | Gabúnach |
---|
Teanga oifigiúil | an Fhraincis |
---|
|
Cuid de | Lár na hAfraice |
---|
Achar dromchla | 267,667 km² |
---|
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach |
---|
Pointe is airde | Mont Bengoué (en) (1,070 m) |
---|
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m) |
---|
Ar theorainn le | |
---|
|
Leanann sé/sí | Middle Congo (en) |
---|
Cruthú | 1960 |
---|
|
Córas rialtais | poblacht |
---|
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Gabúine |
---|
• Uachtarán na Gabúine | Léon M'ba (1961–1967) |
---|
• Príomh-Aire na Gabúine | Raymond Ndong Sima (2023–) |
---|
|
OTI ainmniúil | 4,800,000,000 $ (2003) |
---|
Airgeadra | franc CFA na hAfraice Láir |
---|
|
Lonnaithe i gcrios ama | |
---|
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ga |
---|
Glaochód | +241 |
---|
Uimhir theileafóin éigeandála | 1300, 1722 agus 18 |
---|
|
Cód tíre | GA |
---|
|
|
|
Suíomh gréasáin | gouvernement.ga |
---|
Is tír san Afraic í an Ghabúin. Is í Libreville an phríomhchathair. Is iarchoilíneacht Fhrancach í. Tá sí ag críochantacht leis an nGuine Mheánchiorclach, le Camarún agus le Poblacht an Chongó ("Congó-Brazzaville"). Bhain an tír amach a neamhspleáchas ón bhFrainc ar an 17 Lúnasa 1960, ach ní raibh ach beirt Uachtarán ag rialú na tíre ó sin i leith.
Go luath sna 1990idí, tugadh isteach bunreacht nua, agus thosaigh an daonlathas á fhorbairt sa Ghabúin. Inniu, áirítear ar ceann de na tíortha is rathúla í ar fud na hAfraice, ós rud é go bhfuil daonra réasúnta beag ann, agus an tír saibhir in acmhainní nádúrtha.
Is í an Chríostaíocht - an Caitliceachas ach go háirithe - an reiligiún is tábhachtaí sa Ghabúin, ach tá cuid mhaith Moslamaigh ann freisin, agus cleachtann cuid mhór de na Gabúnaigh anamachas chomh maith - is é sin, tugann siad adhradh do spioraid an dúlra.
Is í an Fhraincis an teanga oifigiúil, agus is féidir glacadh leis go bhfuil ceathrar as gach cúigear de mhuintir na Gabúine in ann ciall a bhaint as an teanga. Timpeall ar Libreville, is iomaí duine a labhraíonn Fraincis fiú ó dhúchas. Na teangacha eile a labhraítear sa Ghabúin, is teangacha Bantúcha iad a bhformhór. Is í an teanga Fang an ceann is tábhachtaí acu, agus í gaolmhar leis na teangacha Bulu agus Ewondo a labhraítear i ndeisceart Chamarúin.
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |