Creideann Críostaithe gurb é Íosa an Slánaitheoir. Mar thoradh air sin, tugann siad an t-ainm An Críost air. Teagasc an Chríostaíocht go raibh Íosa ina Mhac Dé le linn a bheatha dhaonna, de shliocht Dháibhí, agus ina Mhac Dé le cumhacht ag a aiséirí, agus le spiorad na naofachta.
Stair
An Luath-Eaglais
Thosaigh an Chríostaíocht sa chéad aois mar sheict Ghiúdach. Roinneann sí a lán téacsanna reiligiúnacha leis an Ghiúdachas, go háirithe an Sean Tiomna. Cosúil leis an Ghiúdachas agus Ioslam, aicmítear an Chríostaíocht mar reiligiún Abrahámach ós rud é go bhfuil na trí chreideamh bunaithe ar an traidisiún faoi Abrahám.
Bhí an t-ainm "Críostaí" (Gréigis: Χριστιανός) curtha ar na deisceabail don chéad uair in Antiógh, de réir Aicteanna 11:26. Deirtear gurb é Iogna ón Antiógh a bhain úsáid as an téarma "Críostaíocht" (Gréigis Χριστιανισμός) i dtús.
Na Meánaoiseanna
Leis an meath agus titim den Impireacht na Róimhe san iarthar, d'éirigh an phápacht sáite sa pholaitíocht, ag tosú leis an taidhleoireacht a rinne an Pápa Leo leis na Hunaigh agus na Vandail.
Samplaí sacraimintí ná an baisteadh, an Aifreann agus an Eocairist. Tháinig an focal as an Laidinsacramentum, cé a raibh é úsáidte a aistriú an focal Gréigis den 'rúndiamhair'.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.