Laoi fada as Iodáilis a chum Dainté Ailigéirí is ea an Choiméide Dhiaga. Thosaigh sé á scríobh thart ar an mbliain 1308 agus chríochnaigh sé air sa bhliain 1320, bliain amháin roimh a bhás. Meastar go gur í an phríomhobair i litríocht na hIodáilise í agus gur ceann de príomhshaothair na litríochta domhanda atá inti. Léiríonn fís chruthaitheach an dáin ar an saol eile amharc an domhain meánaoiseach mar a bhí sé san Iarthar sa 14ú haois. Chabhraigh sé chun Tuscáinis (teanga an dáin) a bhunú mar an teanga chaighdeánach na hIodáile. Tá trí pháirt aige: Inferno (“Ifreann”), Purgatorio (“Purgadóir”) agus Paradiso (“Parthas”).
De réir a bunbhrí, eachtraíonn an Choméide Dhiaga dóigh an anam i ndiaidh an bháis agus cuireann sí síos ar an gceartas Dé mar phionós nó mar luach saothair agus ar thaistil Dháinté tríd an Ifreann, an bPurgadóir agus an bParthas. Go fáthchiallach, cuireann an dán síos taisteal an anama chun Dé ag tosú leis an aitheantas agus an diúltú peaca (Inferno), ag leanúint ar aghaidh leis an saol aithríoch Críostaí (Purgatorio), agus ag críochnú le héirí an anama chun Dé (Paradiso). Bunaíonn Dainté a chuid eolais ar an diagacht agus ar an bhfealsúnacht na hEaglaise Caitleacaí Rómhánaí (ar an bhfealsúnacht Thomás Acain go háirithe, a scríobhadh le Tomás sna Summa Theologica).
Aistriúcháin
Tá leagan Gaeilge de ann faoin teideal An Choiméide Dhiaga, scríofa le Pádraig De Brún agus foilsithe sa mbliain 1997. Céad aistriúcháin den Inferno a fhoilsíodh sa mbliain 1963.
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.