Tír iar-Shóivéadach i lár na hÁise is ea Poblacht na Cirgise (Béarla: Kyrgyz Republic) nó an Chirgeastáin (Béarla: Kyrgyzstan). Tá sí ag críochantacht leis an Úisbéiceastáin, leis an gCasacstáin, leis an Táidsíceastáin, agus leis an Sín. Ar nós an chuid is mó de na poblachtaí iar-Shóivéadacha i lár na hÁise, labhraítear teanga Thurcach inti, teanga a dtugtar Cirgis (Chirgíz) uirthi.
Bhain an Chirgeastáin amach a neamhspleáchas sa bhliain 1991 ón Aontas Sóivéadach, ar nós na bpoblachtaí iar-Shóivéadacha eile. Is í Bíscéic príomhchathair na tíre. Is tír an-sléibhteach í an Chirgeastáin, agus is í Loch Issícúil an loch is mó sa tír - ceann de na lochanna is airde ar domhan. Tá breac rua (nó farol i Rúisis) le fáil ann nach bhfuil le fáil in áit ar bith eile.
Féach freisin
Tagairtí