Is í Bealtaine nó Mí na Bealtaine an cúigiú mí den bhliain.
Síltear go mb’fhéidir go gciallaíonn an focal beal ‘solas geal’ agus is ionann an dara cuid den fhocal agus ‘tine’[1]. Tá baint láidir idir an fhéile seo agus tinte i mbéaloideas na hÉireann.
Nósanna
Nuair a bhíonn duine a bhfuil Gaeilge aige/aici i bponc faoi rud éigin, is minic a déarfaidh sé/sí “tá mé idir dhá thine Bhealtaine faoi.” Go dtí céad bliain ó shin, bhíodh sé de nós ag daoine in áiteanna áirithe faoin tuath in Éirinn dhá thine mhóra a lasadh ar an lá seo agus na ba a thiomáint idir an dá thine seo lena gcosaint ar aicídí. De réir téacs ón deichiú haois darb ainm Sanas Chormaic, bhí nós ag na draoithe an rud céanna a dhéanamh le linn ré na bPágánach na céadta bliain roimhe sin.
Piseoga
Scéal suimiúil é an droch-ádh a ghabhann le pósadh i Mí na Bealtaine. Sa chreideamh réamhChríostaíochta, creideadh gur phós Dia na Gréine ag an tráth seo den bhliain agus, mar sin de, lá mór do na págánaigh é seo dar leis an Eaglais. Is cosúil go ndearnadh iarracht mhór an nós seo a bhrú amach agus, sa deireadh, fágadh é gur chreid daoine go raibh droch-ádh leis an mhí seo mar mhí chun pósadh.[2]