Is imreoir sacair Éireannach í Amber Barrett (a rugadh ar 10 Eanáir 1996) a imríonn leis an gclub Gearmánach FFC Turbine Potsdam sa Frauen-Bundesliga.
Gairm
D'imir sí a céad chluiche idirnáisiúnta le hÉireann mar ionadaí i Meán Fómhair 2017.
Ainmníodh Barrett mar imreoir na bliana sa WNL i 2017 agus mar scórálaí na bliana i 2016, 2017, agus 2018 le Peamount United. Chaill sí amach ar imreoir na bliana, áfach, i 2018 nuair a bhain Rianna Jarrett an gradam amach.
I 2019, d'imigh Barrett chuig an Ghearmáin chun imirt ar son 1. FC Köln, sa Frauen-Bundesliga. Chaith sí trí bliana sa chathair Koln agus ansin d'aistrigh sí chuig FFC Turbine Potsdam.
Ar an 11 Deireadh Fómhair 2022, scóráil sí cúl in aghaidh na hAlban i mbabhtaí ceannais Chorn Sacair an Domhain agus fuair Foireann sacair ban na hÉireann áit den chéad uair riamh sa chomórtas.[1] D’aimsigh an cúl cinniúnach sa chluiche agus léirigh sí ómós dóibh siúd a maraíodh sa tragóid ar an gCraoslach cúpla lá roimh an gcluiche cáilithe.[2]
Gradaim
Ainmníodh Barrett mar imreoir na bliana sa WNL i 2017 agus mar scórálaí na bliana i 2016, 2017, agus 2018 le Peamount United.
Bhronn Tuairisc.ie Coróin Spóirt 2022 ar Amber Barrett.[1]
Beatha
I mBaile na nGallóglach ag bun na Maoile Rua[3] a saolaíodh an Bairéadach sa bhliain 1996.
Féach freisin
Tagairtí