Fuadaíodh Moro i mí na Márta 1978. Mharaigh an Bhriogáid Dhearg ón eite chlé an t-iarphríomh-aire Aldo Moro sa Róimh tamaill ina dhiaidh. Neartaigh laige an chórais pholaitíochta an Mafia ar feadh an ama.[1] Tá na tosca a bhain lena bhás conspóideach fós.
Saol
Céimí sa dlí de chuid OllscoilBari (a thugtar Università degli Studi di Bari Aldo Moro uirthi faoi láthair) ab ea Moro.[2] Bhí sé ina Ollamh le Dlí Coiriúil ann ó thús na 1950idí go dtí gur aistrigh sé go ollúnacht i nDámh na hEolaíochta Polaitiúla in Ollscoil Róimh Sapienza (Sapienza Università di Roma) sa bhliain 1963. Lean sé air ag foilsiú neart saothar maidir leis fealsúnacht an dlí agus fealsúnacht na polaitíochta i gcaitheamh a shaoil sa pholaitíocht.
Rinneadh Leas-Uachtarán na nDaonlathaithe Críostaí de sa bhliain 1946 agus toghadh chun an Tionóil Bhunreachta sa bhliain chéanna. Bhí sé ina bhall de Theach na dTeachtaí, ar son Bari, ó 1948 go dtí go bhfuair sé bás.
Bhí roinnt cúraimí aire tábhachtacha ag Moro (Dlí agus Cirt, 1955-57; Oideachais Phoiblí, 1957-59; Gnóthaí Eachtracha, 1964-65, 1965-66, 1969-72, 1973-74).
Bhí Moro ina Phríomh-Aire faoi dhó (1963-68 agus 1974-76). Lena linn bhí sé i measc na bpolaiteoirí ba mhó a raibh gnaoi na ndaoine orthu agus bhí páirt lárnach aige sa "comhréiteach stairiúil" idir na Daonlathaithe Críostaí, na páirtithe ar chlé ón lár agus Páirtí Cumannach na hIodáile.
Maraíodh Moro cúig lá is caoga ina dhiaidh sin; ar an 9 Bealtaine1978, fuarthas corp Aldo Moro i ngluaisteán Renault 4 sa Róimh. Tá na tosca a bhain lena bhás conspóideach fós.