Fear atá ina cheann ar mhainistir is ea ab (Gréigís Ársa ἀββᾶς «athair») i dtraidisiún na Críostaíochta.[1] Is é an comhionann baineann ná ban-ab nó máthairab. Céim nó údarás aba nó ban-aba is ea abacht.[2]
Is féidir an teideal a thabhairt freisin mar theideal oinigh ar chléireach nach bhfuil i gceannas ar mhainistir.