Is sliabh é A' Mhaighdean agus tá sé ar cheann de na munroanna is dorochtana i gComhairle na Gàidhealtachd, i dtuaisceart na hAlban. Tá sé 8 míle ó thuaidh de Cheann Loch Iúbh ach tá sé níos éasca teacht air ó Pholl Iùbh, ag tógáil an bhóthair phríobháidigh thoir theas (do choisithe & rothaithe amháin) go dtí Ceannasair. Treoraíonn dea-rian ansin thú chuig an chabhsa idir an Loch Fionn agus an Loch Dubh. Lean an cosán soir go thart ar leibhéal 1000 troigh agus trasnaigh Allt Bruthach an Esain chun droim iarthuaisceart an tsléibhe a bhaint amach.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |