Is polaiteoir Éireannach agus CTR í Órlaithí Flynn (rugadh 13 Bealtaine 1988) a dhéanann ionadaíocht ar Bhéal Feirste Thiar i dTionól Thuaisceart Éireann.
Iníon Phatrick Flynn, poblachtánach Éireannach in Iarthar Bhéal Feirste, cuireadh oideachas uirthi i St. Dominic's Grammar School (Gaeilge: Scoil Ghramadaí Naomh Doiminic) sula ndearna sí staidéar ar pholaitíocht in Ollscoil Uladh. Ansin chríochnaigh sí Céim Máistir i bpolaitíocht na hÉireann in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.[1][2]
Ina déagóir, ghlac Flynn ballraíocht i Sinn Féin.[2] D’oibrigh sí mar chomhairleoir do roinnt polaiteoirí i ndiaidh a chéile: Rosie McCorley, Sue Ramsey agus, ar deireadh, Alex Maskey. Sa bhliain 2016, roghnaigh an páirtí í le bheith ina Ball den Tionól Reachtach do Bhéal Feirste Thiar, ag teacht in áit Jennifer McCann.[1] Atoghadh Flynn i dtoghcháin an tionóil i mí an Mhárta 2017.[3]
Tagairtí
Naisc sheachtracha