Rí na Laighean den 5ú haois agus bunaitheoir chlann Uí Chinnsealaigh ba ea Énnae Cennsalach. Garmhac an iar-rí, Breasal Béalach, (bás 436) ba ea é.[1]
Is doiléir é croinic ríthe na Laigean sa 5ú haois. Faightear é sa Leabhar Laighneach, ach ní sna hannála.[2]
Insítear Céitinn faoi cogaidh idir Ard-Rí na hÉireann, Eochaid Mugmedón, in éadan Éanna. Chloígh na Laigin Eochaidh ag Cath Cruachan Claonta.[3]
De réir na seanscéalta Anbhás Néill (Aided Néill) agus Argain Néill Naoighiallaigh (Orcuin Néill Noígíallaig), maraíodh Níall ag mac Éannae, Eochaidh (Eochu). Insítear san Argain gur mharaigh Eochaidh príomhfhile Néill. Choinnigh Niall dá bharr na Laigin faoi shíorionsaí agus chuir sé Eochaidh ar deoraíocht. Fuair Eochaidh tearmann le rí Erc Dhál Riada agus mharaigh sé Niall níos déanaí ar a theacht ar ais ó ruathar. Insítear san Anbhás gur bhain Fearghas mac Néill cúiteamh amach agus mharaigh sé Eochaidh.
Rinneadh rí Laigean de Crimthann mac Éanni (bás 486). Sinsear Uí Feidhlimí ba ea mac eile.
Foinsí
Tagairtí