Tharla Éirí Amach Mau Mau, mar a thugtar air in annálacha na staire, sna blianta 1952–1960.
Bhí faltanas ag muintir na Céinia in aghaidh na Sasanach le fada an lá (toisc an dóigh ar roinneadh na tailte sa tír sin srl). Tháinig na fadhbanna seo chun solais sa bhliain 1951, agus Aontas Afracach na Céinia ag éileamh tuilleadh ionadaíochta do na bundúchasaigh i rialú agus i riarachán na tíre, chomh maith le athroinnt na talún srl.[1]
Nuair a diúltaíodh do na héilimh seo, fuair lucht an antoisceachais seilbh ar an ngluaiseacht, agus chuaigh muintir na Céinia chun cearmansaíochta ar na Sasanaigh.
D'éirigh an cogadh níos fuiltí. Rinneadh bratbhuamáil ón aer (sé milliún buama san iomlán).[2][3] Rinneadh na Kikuyu a imtheorannú (beagnach 500,000) and milliún eile sa chlár "villagisation".[1]
1952
Ar an 17 Lúnasa1952, cuireadh staid éigeandála i bhfeidhm ar an tír, agus tuilleadh fórsaí armtha ag teacht le heitleáin ón mBreatain Mhór in aghaidh an lae leis an éirí amach a chloí. Chuaigh na cúrsaí an oiread sin chun géaradais is go bhféadfá a rá go raibh an Chéinia ar bharr lasrach le cogadh cathartha.
1953
Sa bhliain 1953, rinne na ceannaircí ródach mór ar dhílseoirí ar de threibh Kikuyu iad. Chuir an t-ár seo - sléacht Lari, mar a thugtar air - malairt chuma ar fad ar pholaitíocht an éirí amach, agus fuair na Sasanaigh ar ais cuid den dea-chlú a bhí caillte acu i rith an chogaidh.
B'é an cineál straitéis a bhí ag Churchill ná an lámh láidir mhíleata a imirt gan trócaire ar na ceannaircí agus na héilimh a shásamh a bhí ag na hAfraicigh a chur chun tosaigh ar dtús, go dtí an diúltú a fuair siad ó rialtasAttlee.
1954
Cheap Winston Churchill an Ginearál Sior George Erskine leis an éirí amach a chur faoi chois i Nairobi, rud a rinne sé leis an oibríocht ar ar tugadh An Inneoin, sa bhliain 1954. Ina dhiaidh sin, chuathas i dtuilleamaí an Chasúir (oibríocht mhíleata eile) le deireadh a chur leis an gceannairc faoin tuath. D'ordaigh Churchill comhchainteanna síochána a chur ar bun le muintir na Céinia, ach theip ar na cainteanna seo agus eisean ina Phríomh-Aire go fóill.